Rannóg Pholasaí, Cháilíochtaí, Churaclaim agus Mheasúnachta,
An Roinn Oideachais agus Scileanna,Bloc 2, Sráid Maoilbhríde,
Baile Átha Cliath 1
 (01) 8892384 / / Qualifications, Curriculum and Assessment Policy Unit, Department of Education and Skills, Block 2 Marlborough Street,
Dublin 1
Fax (01) 8892040

Circular 0014/2011

To the Principals and Boards of Management of Second level Schools

Discontinued Use of Chemicals – Substances of Very High Concern

A Consolidated EU Regulation on the Registration Evaluation and Authorisation of Chemicals (REACH EC 1907/2006) came into effect in June 2007. It is designed to improve the protection of human health and the environment from the risks that can be posed by some chemicals, and gives rise to new requirements on industry in this area. This Regulation is being implemented progressively.

As part of this process, the European Chemicals Agency (ECHA) has been identifying substances as Substances of Very High Concern (SVHCs). Substances identified as SVHCs are placed on a list (referred to as the ‘candidate list’) for possible inclusion in Annex XIV of the Regulation. Any substance cited in Annex XIV of the Regulation will eventually be subject to authorisation requirements under REACH. Substances are added to ECHA’s candidate list regularly, and Annex XIV will also be updated on a regular basis.

To date a number of substances that are currently used in schools have been designated as Substances of Very High Concern and have been cited on the candidate list and so may eventually be included in Annex XIV of REACH.

To date none of these substances have been added to Annex XIV of the Regulation. However, following a review and based on the advice of the Health and Safety Authority, the Department has decided that the use of the substances listed hereunder should be discontinued in schools. This list includes substances currently designated as SVHCs and a number of chemically related substances. Table 1 is set out overleaf giving details of areas where these substances are currently used in Leaving Certificate Chemistry and Junior Certificate Science.

Substances whose use should be discontinued include:

Sodium Chromate, Sodium Dichromate, Potassium Chromate, Potassium Dichromate, Ammonium Dichromate, Copper Chromate, Copper(II) Dichromate and all other chromium(VI) compounds; Cobalt(II) Chloride, Cobalt(II) Nitrate and all other Cobalt(II) compounds; any other chemically related compounds. The use of cobalt chloride paper should also cease.

The chemicals listed should be isolated, stored safely and retained at school level until the school is contacted by a chemicals disposal company. In addition, if schools have any supplies of Boric Acid, or disodium tetraborate [tetraboron disodium heptaoxide] in either its anhydrous or hydrated forms [ i.e. Na2B4O7 and Na2B4O7 .10 H2O]they should also be isolated for disposal as part of this process.

If any of these substances are used in Art Craft and Design (for example in ceramics) they should also be discontinued. Schools are advised that the websites and give information on the composition of materials and the health and safety implications which should be considered in Art.

The curriculum implications of this decision are being examined in collaboration with the National Council for Curriculum and Assessment and the State Examinations Commission, and a further communication will issue in due course. In the interim,

these topics will remain as part of the syllabus in terms of the theoretical knowledge of the experimental procedure, and its outcomes, but students will not be required to have physically undertaken the procedure. These topics will, as heretofore, remain examinable in the Leaving Certificate Chemistry Examinations until notice to the contrary is given.

The Department is currently arranging a tender for the disposal of the chemicals, but it will take some time to complete the procurement process. You will be notified as soon as the implementation arrangements are finalised.

An updated risk assessment and revision of the health and safety guidelines for science laboratories is being prepared in the light of the evolution of developments under the REACH Regulation.

General

Please bring this Circular to the attention of teachers of science and art in the school, and provide a copy to members of the school board of management. This circular may also be accessed at

Margaret Kelly, PO

Qualifications, Curriculum and Assessment Policy Unit

March 2011

Summary of chemicals to be discontinued and for disposal
Ammonium Dichromate
Boric Acid
Chromium(IV) compounds
Cobalt(II) Chloride
Cobalt(II) compounds
Cobalt Chloride Paper
Cobalt Nitrate
Copper(II) Dichromate / Copper Chromate
Disodium Tetraborate (tetraboron disodium heptaoxide) in anyhydrous or hydrated forms
Potassium Chromate
Potassium Dichromate
Sodium Chromate
Sodium Dichromate
Rannóg Pholasaí, Cháilíochtaí, Churaclaim agus Mheasúnachta,
An Roinn Oideachais agus Scileanna, Bloc 2, Sráid Maoilbhríde,
Baile Átha Cliath 1
 (01) 8892384 / / Qualifications, Curriculum and Assessment Policy Unit, Department of Education and Skills, Block 2 Marlborough Street,
Dublin 1
Fax (01) 8892040

Ciorclán 0014/2011

Chuig Príomhoidí agus Boird Bhainistíochta i Scoileanna Dara Leibhéal

Scor d’Úsáid a Bhaint as Ceimiceáin - Substaintí ar Ábhar Mór Imní Iad

Tháinig Rialachán Comhdhlúite an AE maidir le Ceimiceáin a Chlárú, a Mheasúnú, a Údarú agus a Shrianadh (REACH CE 1907/20006) in éifeacht i Meitheamh 2007. Tá sé beartaithe go gcuirfidh sé feabhas ar chosaint sláinte an duine agus na timpeallachta ar na contúirtí is féidir a bheith ag baint le ceimiceáin áirithe, agus cuirtear ceanglais nua ar an tionsclaíocht sa réimse seo mar thoradh air. Tá an Rialachán seo á chur i bhfeidhm de réir a chéile.

Mar chuid den phróiseas sin, tá substaintí á n-aithint ag an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán mar Shubstaintí ar Ábhar Mór Imní Iad (SVHCanna). Cuirtear substaintí a aithnítear mar SVHCanna ar liosta (ar a dtugtar ‘liosta iarrthóirí’) agus d’fhéadfaí iad a áireamh in Iarscríbhinn XIV den Rialachán ansin. Beidh aon substaint a luaitear in Aguisín XIV den Rialachán faoi réir ceanglais údaraithe faoi REACH i ndeireadh na dála. Cuirtear substaintí ar liosta iarrthóirí na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán go rialta, agus déanfar Iarscríbhinn XIV a nuashonrú go rialta freisin.

Go dtí seo ainmníodh roinnt shubstaintí a úsáidtear i scoileanna faoi láthair mar Shubstaintí ar Ábhar Mór Imní Iad. Luadh iad ar an liosta iarrthóirí freisin agus d’fhéadfaí iad a áireamh in Iarscríbhinn XIV de REACH i ndeireadh na dála, dá bhrí sin.

Go dtí seo níor cuireadh na substaintí sin in Iarscríbhinn XIV den Rialachán. Tá cinneadh déanta ag an Roinn, áfach, tar éis athbhreithniú a dhéanamh agus ar bhonn comhairle ón Údarás Sláinte agus Sábháilteachta, gur chóir scor d’úsáid a bhaint as na substaintí atá luaite thíos i scoileanna. Tá na substaintí a aithnítear faoi láthair mar SVCHanna and roinnt de na substainti céimiceáin gaolmhar san áireamh sa liosta seo. Tá Tábla 1 leagtha amach lastall agus tá sonraí ann faoi na réimsí ina bhfuil na ceimiceáin sin á n-úsáid faoi láthair in Eolaíocht an Teastais Shóisearaigh agus i gCeimic san Ardteistiméireacht.

Ba chóir scor d’úsáid na substaintí seo a leanas:

Crómáit Sóidiam, Déchrómait Sóidiam, Crómáit Photaisiam, Déchrómáit Photaisiam, Déchrómáit Amóiniam, Chrómháit Chopair, Déchrómáit Chopair (II) agus aon comhdhúil chrómáite (VI) eile. Ina theannta sin, ba chóir go scoirfear d’úsáid a bhaint as Níotráit chóbailt (II), agus aon chomhdhúil chóbailt (II) eile, agus aon comhdhúil atá gaolmhar leis na ceimiceáin seo i scoileanna. Ba chóir deireadh a chur le páipéar chlóiríd chóbailt a úsáid freisin.

Ba chóir na ceimiceáin a leithlisiú, a stóráil go sábháilte agus a choinneáil sna scoileanna go dtí go rachaidh cuideachta diúscartha ceimiceán i dteagmháil leis an scoil. Má tá soláthairtí d’Aigéad Bórach, nó déshóidiam teitreabóráit [teitreabórón déshóidiam heaptocsaíde] i gceachtar dá bhfoirmeacha ainhidriúla nó hiodráitithe i scoileanna [.i. Na2B4O7 and Na2B4O7 .10 H2O] ba cheart iad a leithlisiú freisin mar chuid den phróiseas sin.

Sa chás go n-úsáidtear aon cheann de na substaintí sin in Ealaín, Ceardaíocht agus Dearadh (mar shampla i gceirmeacht) ba cheart scor d’úsáid a bhaint astu freisin. Cuirtear in iúl do scoileanna go bhfuil faisnéis le fáil ar na láithreáin Ghréasáin and faoi comhdhéanamh na n-ábhar agus na himpleachtaí sláinte agus sábháilteachta nach mór a chur san áireamh maidir le hEalaín.

Tá iniúchadh á dhéanamh ar impleachtaí an chinnidh sin i gcomhar leis an an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit, agus eiseofar fógra eile in am trátha. Beidh na topaicí sin fós mar chuid den siollabas ó thaobh eolas teoiriciúil a bheith ag an dalta ar an modh ina ndéantar an turgnamh, agus ar thorthaí an turgnaimh, ach ní bheidh ar dhaltaí an turgnamh a bheith déanta acu i ndáiríre. Is féidir na topaicí sin a scrúdú i Scrúduithe Ceimice na hArdteistiméireachta, mar a rinneadh go dtí seo, go dtí go bhfógrófar a mhalairt.

Tá tairiscint á socrú ag an Roinn faoi láthair chun na ceimiceáin a dhiúscairt ach tógfaidh sé roinnt ama chun an próiseas soláthair a chríochnú. Tabharfar fógra duit a luaithe is a bheidh na socruithe forfheidhmiúcháin tugtha chun críche.

Tá measúnú riosca nuashonraithe agus leasú ar na treoirlínte sláinte agus sábháilteachta le haghaidh saotharlanna eolaíochta á n-ullmhú i bhfianaise na n-athruithe atá ag teacht chun cinn faoi Rialachán Reach.

Ginearálta

Cuir an ciorclán seo ar a súile do na múinteoirí eolaíochta agus ealaíne sa scoil, agus tabhair cóip de do chomhaltaí bhord bainistíochta na scoile le do thoil. Is féidir teacht ar an gciorclán seo freisin ag

Margaret Kelly, PO

Rannóg Pholasaí, Cháilíochtaí, Churaclaim agus Mheasúnachta

Márta 2011

Achoimre ar Cheimiceáin nach foláir scor d’úsáid a bhaint astu agus iad a dhiúscairt
Déchrómáit Amóiniam
Aigéad Bórach
Comhdhúil Chróimiam (IV)
Clóiríd Chóbailt (II)
Comhdhúil Chóbailte (II)
Páipéar Clóiríde Cóbailt
Níotráit Chóbailt
Déchrómáit Chopair (II) / Crómáit Chopair
Déshóidiam teitreabóráit [teitreabórón déshóidiam heaptocsaíde] i bhfoirm ainhidriúil nó hiodráitithe.
Crómáit Photaisiam
Déchrómáit Photaisiam
Crómáit Sóidiam
Déchrómáit Sóidiam

TABLE 1

Areas of the existing syllabuses where the use of the substance is currently required

The table below shows where the substances are mentioned in the syllabuses.

Item Number / Chemical: Chromium (Cr)/Cobalt (Co) / Syllabus Ordinary level (OL)/Higher level (HL) / Page of syllabus / Statement from the syllabus / Activity
1 / Co / OL / 18 / Demonstration of the oxidation of potassium sodium tartrate by hydrogen peroxide, catalysed by cobalt (II) salts. / Demonstration by the teacher
2 / Cr / OL / 21 / (d) Redox reactions
Alcohols:
Oxidation using KMnO4 or Na2Cr2 O7 to (i) aldehydes and (ii) acids (half equationsonly required
Oxidation of aldehydes to acids (half equations only required). / Mandatory experiment 7.4
Mandatory experiment 7.5
7.4 Preparation and properties of ethanal [properties limited to reactions with (i) acidified potassium manganate (VII) solution, (ii) Fehling’s reagent and (iii) ammoniacal silver nitrate].
7.5 Preparation and properties of ethanoic acid (properties limited to reactions with sodium carbonate and magnesium).
3. / Co and Cr / OL / 24 / Le Chatelier’s principle. Effect (if any) on equilibrium position of concentration, pressure, temperature and catalyst. / Mandatory experiment 8.1
Simple experiments to illustrate Le
Chatelier’s principle:
(i)CoCl42– + 6H2 OCo(H2 O)62++ 4Cl–
(to demonstrate the effects of both temperature changes and concentration changes on an equilibrium mixture).
(ii) Cr2O7 2– + H2O 2CrO4 2– + 2H+
(iii) Fe 3+ + CNS– Fe(CNS)2+
(to demonstrate the effects of concentration changes on an equilibrium mixture).
4 / Co / HL / 53 / Demonstration of the oxidation of potassium sodium tartrate by hydrogen peroxide, catalysed by cobalt (II) salts. / Demonstration experiment by the teacher
5 / Cr / HL / 58 / Alcohols:
Oxidation using KMnO4 or
Na2Cr2 O7 to
(i) aldehydes and (ii) acids (half equations only required).
Oxidation of aldehydes to acids (half equations only required / Mandatory experiment 7.4
Mandatory experiment 7.5
7.4 Preparation and properties of ethanol [properties limited to reactions with (i) acidified potassium manganate (VII) solution, (ii) Fehling’s reagent and (iii) ammoniacal silver nitrate].
7.5 Preparation and properties of ethanoic acid (properties limited to reactions with sodium carbonate, magnesium and ethanol.
6 / Co and Cr / HL / 61 / Le Chatelier’s principle. Effect (if any) on equilibrium position of concentration, pressure, temperature and catalyst. / Mandatory experiment 8.1
Mandatory Experiments
8.1 Simple experiments to illustrate Le Chatelier’s principle:
CoCl 4 2– + 6H2 O Co(H2O)6 2+ + 4Cl–
(to demonstrate the effects of both temperature changes and concentration changes on an equilibrium mixture).

(ii) Cr2O7 2– + H2O 2CrO4 2– + 2H+
(iii) Fe3+ + CNS– Fe(CNS)2+
(to demonstrate the effects of concentration changes on an equilibrium mixture).
Areas of the existing JC Syllabus where the use of the substances is required
Item Number / Chemical: Chromium (Cr)/Cobalt (Co) / Syllabus Ordinary level (OL)/Higher level (HL) / Page of syllabus / Statement from the syllabus / Activity
Co / OL and HL / 19 / OC14 use cobalt chloride paper or anhydrous copper sulfate to test for water / Student practical activity

TÁBLA 1

Réimsí de na siollabais reatha ina bhfuil úsáid na substainte de dhíth faoi láthair

Taispeántar sa tábla thíos cá háit a bhfuil na substaintí luaite sna siollabais.

Uimhir na Míre / Ceimiceán: Cróimiam (Cr)/Cóbalt (Co) / Siollabas Gnáthleibhéal (GL)/Ardleibhéal (AL) / Leathanach den siollabas / Ráiteas ón siollabas / Gníomhaíocht
1 / Co / GL / 18. / An t-ocsaídiú ar thartráit sóidiam potaisiam a dhéanann sárocsaíd hidrigine, agus é catalaithe ag salainn cóbailt (II). / Á léiriú ag an múinteoir
2 / Cr / GL / 21& 22 / (d) Imoibriúcháin Redox
Alcóil:
Ocsaídiú ag baint úsáid as KMnO4 nó Na2Cr2 O7 chomh fada le (i) aildéid agus (ii) aigéid (leathchothromóidí amháin ag teastáil).
Ocsaídiú aildéadaí go haigéid (níl ag teastáil ach leathchothromóidí). / Turgnamh dualgais 7.4
Turgnamh dualgais 7.5
7.4 Ullmhóid agus airíonna eatánal [airíonna teoranta do imoibriúchán le (i) tuaslagán de mhanganáit (VII) photaisiam aigéadaithe, (ii) imoibreán Fehling agus (iii) níotráit airgid amóiniach].
7.5 Ullmhóid agus airíonna aigéid eatánóigh (airíonna teoranta do imoibriúchán le carbónáit sóidiam agus maignéisiam).
3. / Co agus Cr / GL / 24 / Prionsabal Le Chatelier. A thionchar siúd (más ann dó) ar shuíomh chothromaíocht an tiúcháin, an bhrú, na teochta agus an chatalaígh. / Turgnamh dualgais 8.1
Turgnaimh shimplí chun
prionsabal Le Chatelier a léiriú:
(ii)CoCl42– + 6H2 OCo(H2 O)62++ 4Cl–
(chun an tionchar atá ag athruithe teochta agus athruithe tiúchain ar chothromaíocht meascáin a léiriú).
(ii) Cr2O7 2– + H2O 2CrO4 2– + 2H+
(iii) Fe 3+ + CNS– Fe(CNS)2+
(chun an tionchar atá ag athruithe tiúchain ar chothromaíocht meascáin a léiriú).
4 / Co / AL / 53 / An t-ocsaídiú ar thartráit sóidiam potaisiam a dhéanann sárocsaíd hidrigine, agus é catalaithe ag salainn cóbailt (II). / Turgnamh léirithe ag an múinteoir
5 / Cr / AL / 58 / Alcóil:
Ocsaídiú ag baint úsáid as KMnO4 nó Na2Cr2 O7 chomh fada le
(i) aildéid agus (ii) aigéid (leathchothromóidí amháin ag teastáil).
Ocsaídiú aildéadaí go haigéid (níl ag teastáil ach leathchothromóidí) / Turgnamh dualgais 7.4
Turgnamh dualgais 7.5
7.4 Ullmhóid agus airíonna eatánal [airíonna teoranta do imoibriúchán le (i) tuaslagán de mhanganáit (VII) photaisiam aigéadaithe, (ii) imoibreán Fehling agus (iii) níotráit airgid amóiniach].
7.5 Ullmhóid agus airíonna aigéid eatánóigh (airíonna teoranta do imoibriúchán le carbónáit sóidiam, maignéisiam agus eatánól.
6 / Co agus Cr / AL / 61 / Prionsabal Le Chatelier. A thionchar siúd (más ann dó) ar shuíomh chothromaíocht an tiúcháin, an bhrú, na teochta agus an chatalaígh. / Turgnamh dualgais 8.1
Turgnaimh dualgais
8.1 Turgnaimh shimplí chun prionsabal Le Chatelier a léiriú:
CoCl 4 2– + 6H2 O Co(H2O)6 2+ + 4Cl–
(chun an tionchar atá ag athruithe teochta agus athruithe tiúchain ar chothromaíocht meascáin a léiriú).

(ii) Cr2O7 2– + H2O 2CrO4 2– + 2H+
(iii) Fe3+ + CNS– Fe(CNS)2+
(chun an tionchar atá ag athruithe tiúchain ar chothromaíocht meascáin a léiriú).
Réimsí de Shiollabas an TS reatha ina bhfuil úsáid na substainte de dhíth
Uimhir na Míre / Ceimiceán: Cróimiam (Cr)/Cóbalt (Co) / Siollabas Gnáthleibhéal (GL)/Ardleibhéal (AL) / Leathanach den siollabas / Ráiteas ón siollabas / Gníomhaíocht
Co / GL agus AL / 19 / OC14 úsáid páipéar chlóiríd chóbailt nó sulfáit chopair ainhidriúil chun tástáil i gcomhair uisce / Gníomhaíocht phraiticiúil do dhaltaí